Contae Chiarraí

Toghcháin Pharlaimint na hEorpa
Toghcháin na nÚdarás Áitiúil
Lá na Vótála Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024

TUGAIM FÓGRA LEIS SEO:

  1. Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil maidir leis an gClár Toghthóirí i gContae Chiarraí (Liostaí Vótálaithe speisialta agus poist Chiarraí) roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus Toghcháin Áitiúla ná Dé Máirt, 14ú Bealtaine 2024 roimh 5 a chlog. Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda Chiarraí le gach Achomharc den sórt sin, ina shuí i dTeach na Cúirte, Sráid Eadbhaird, Trálí, Co Chiarraí ag 10rn ar an Déardaoin 16ú Bealtaine agus ba chóir iad a threorú tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig An Cláraitheoir Chiarraí. OIFIG AN Phríomhcheann Comhairimh, Centrepoint, Bóthar Sheán Sheosaimh Mhic Sithigh, Trálí..
  2. Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil maidir leis an gClár Toghthóirí i gContae Chiarraí Liostaí votálaithe ginerálta) roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus Toghcháin Áitiúla ná Dé Céadaoin, 22ú Bealtaine 2024 roimh 5 a chlog. Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda Chiarraí le gach Achomharc den sórt sin, ina shuí i dTeach na Cúirte, Sráid Eadbhaird, Trálí, Co Chiarraí ag 10rn ar an Aoine 24ú Bealtaine agus ba chóir iad a threorú tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig An Cláraitheoir Chiarraí. OIFIG AN Phríomhcheann Comhairimh, Centrepoint, Bóthar Sheán Sheosaimh Mhic Sithigh, Trálí.
  3. Ní bhreithneoidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a gheofar tar éis an dáta deiridh go dtí tar éis Lá na Vótála do na toghcháin thuas.

Arna dhátú an 26 lá seo d’Aibreán 2024.

Arna shíniú: Pádraig Burke
Cláraitheoir Contae
Cúirt Chuarda Chiarraí

An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
(Curtha isteach ag Alt 106 (j) den Acht um Athchóiriú Toghchán 2022)